Le bronnadh ar Mhuireann Nic Amhlaoibh. Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí í Muireann Nic Amhlaoibh. Tá cáil uirthi mar amhránaí sean-nóis cé go gcanann sí amhráin ó réimse leathan seánraí eile chomh maith, le béim ar leith ar amhráin trí Ghaeilge. Tá mórán gradam bainte amach aici go dtí seo, ina measc Amhránaí na Bliana ag Gradam Ceoil TG4 in 2011 agus Amhránaí na Bliana ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards in 2022.
Is de bharr feabhas agus áilleacht a cuid amhránaíochta ar an sean-nós a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life uirthi i mbliana.
Muireann Nic Amhlaoibh is a traditional singer and musician from the Corca Dhuibhne Gaeltacht in Co. Kerry. She is well-known as a sean-nós singer although she also sings in a wide range of other genres. She has received many awards to date including Amhránaí na Bliana at Gradam Ceoil TG4 in 2011 and Best Folk Singer at the RTÉ Radio 1 Folk Awards in 2022.
We are delighted to present Gradam Shean-Nós Cois Life 2025 to her in recognition of the excellence and beauty of her singing within the sean-nós genre.
Eolas faoin nGradam.
Is in 1992 a bunaíodh an fhéile Sean-Nós Cois Life rud a chiallaíonn go mbeidh an 34ú féile á ceiliúradh againn in 2025. Ón gcéad fhéile a bhí againn in 1992 tá muid ag cur amhránaíocht dhúchasach na Gaeilge chun cinn ar bhealach oscailte fáiltiúil. Bronntar Gradam Shean-Nós Cois Life gach bliain ar dhuine nó ar dhaoine a meastar go bhfuil saibhriú faoi leith déanta acu ar amhránaíocht dhúchasach na Gaeilge thar na blianta.
The Sean-Nós Cois Life festival was first founded in 1992 so 2025 sees us celebrate our 34th festival. From 1992 to the present moment the Sean-Nós Cois Life festival has been encouraging traditional singing in the Irish language in an open, friendly and welcoming atmosphere. The Gradam Shean-Nós Cois Life award is presented each year in recognition of the special contribution made by the recipient(s) to traditional singing in the Irish language.
Gradam Shean-Nós Cois Life 2025 Bronnfar an gradam ag seisiún mór amhránaíochta agus ceoil ar an Satharn 5ú Aibreán 2025 i gClub na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell Thiar, ag tosú ag 8pm. Fáilte roimh chách chuig an gceiliúradh seo áit a mbeidh seans agat cúpla amhrán a chasadh agus cúpla tiúin a sheinm inár dteannta!
The SNCL award for 2025 will be presented during a singing and music session on Saturday, 5th April in the Teacher's Club, 36 Parnell Square West, starting at 8pm. All are welcome to join this celebration and you may even get to sing a song or play a few tunes with us. Costas €5.