Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Lúibíní agus amhránaíocht:
Siobhán Ní Mhuimhneacháin (Múscraí) >>   
Maebh Ní Dhuinnín (Múscraí) >>  

Gradam Shean-Nós Cois Life
An Góilín
Tuilleadh eolais faoin ngradam >>
Fearghas Mac Lochlainn (Baile Átha Cliath/Conamara)
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Fearghas, ach tá sé ina chónaí sa Spidéal i gContae na Gaillimhe le blianta fada anois. Bhí suim aige sna hamhráin ariamh agus bhíodh amhráin sa teach i gcónaí nuair a bhí sé ag fás suas. Chur sé an-suim san amhránaíocht ar an sean-nós nuair a chuala sé den chéad uair é tar éis dó an mheánscoil a fhágáil i dtús na n-ochtóidí.  Na chéad amhráin ar an sean-nós a d’fhoghlaim sé ba ó cheirníní agus ó Raidió na Gaeltachta a d’fhoghlaim sé iad.  Anois, má chloiseann sé amhrán a thaithníonns leis fiafraíonn sé den té atá dhá chasadh cá bhfuil an t-amhrán le fáil.  Bíonn daoine an-sásta focla amhrán a roinnt go hiondúil.  Tá go leor leabhra agus taifeadthaí d’amhráin ar an sean-nós ar fáil anois freisin agus tá cartlann sean-nóis TG4 an-mhaith freisin.
Bíonn sé ag casadh leis fhéin go minic agus roimh Chovid bhíodh sé ag casadh go rialta ag seisiún na Déardaoine  i Tigh Pheadair Mhóir ar an mBánrainn i mBaile na hAbhann i gConamara. Casann sé chuile bhliain ag Oireachtas na Gaeilge agus ag Féile na Mí i Rath Chairn go minic freisin.  Tugann sé seo deis dó castáil le hamhránaithe eile agus neart amhráin eile a chloisteáil.  Tá sé éirithe as an múinteoireacht anois ach nuair a bhí sé ag múineadh scoile bhíodh sé ag múineadh na n-amhrán ansin ó am go ham.

Conor Ó Gallchóir (Tír Chonaill)
Is amhránaí sean-nóis é Conor Ó Gallachóir as Gort a’Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill. Ba í Gearóidín Breathnach a spreag é le tabhairt faoin amhránaíocht ar tús agus faigheann sé a chuid amhrán ó Ghearóidín, Patricia Nic Ruairí, Caitlín Uí Dhuibhir agus Lillis Ó Laoire le cois amhránaithe eile Thír Chonaill. Bíonn sé ag múineadh ranganna amhránaíochta do dhaoine óga sa tSean Bheairic ar an Fhál Carrach.

Proinnsias Ó Cathasaigh (Ciarraí) 
Is as Lios Póil i gGaeltacht Corca Dhuibhne do Phroinnsias. Bhí an-suim aige san amhránaíocht ó bhí sé óg. Bhíodh a chlann ar fad i gcónaí ag amhránaíocht agus spreag sé sin é. Mhúin  Seosamh Ó Criodáin a chuid amhránaíochta dó nuair a bhí sé níos óige agus fuair sé an-chuid dá amhráin ó Sheosamh. Bhuaigh sé an comórtas Amhránaíocht ar an Sean-Nós Sinsear i bhFleadh Ceoil na hÉireann i 2019. Bíonn Proinnsias ag canadh i ngach áit, ar nós seisiúin ceoil, bainseacha, Siamsa Tíre agus Fleadhanna Ceoil. Bíonn sé ag múineadh ceoil agus amhránaíochta le Craobh Comhaltais Craobh an Ághasaigh i gCorca Dhuibhne gach deireadh seachtaine agus ba bhreá leis an traidisiúin amhránaíochta a cur ar aghaidh go dtí an ghlúin óg.

Mícheál Mac Raghnaill (Liatroim)
Rugadh Mícheál Mac Raghnaill i gContae Liatroma.  Bhí suim mhór ag a mhuintir sa cheol. Bhí raidió agus gramafón sa bhaile acu. Bhídís ag éisteacht go rialta le cláracha raidió mar Ceolta Tíre, Céilí House agus Ballad Makers Saturday Night.  Bhí múinteoirí maithe aige a mhúin roinnt mhaithamhrán do, amhráin as Gaeilge ina measc. Thosaigh sé ag dul ar laethanta saoire go Conamara sna seachtóidí, rud a mhúscail a shuim in amhránaíocht sa sean-nós. Thosaigh sé ag freastal ar Chlub an Ghóilín agus ag canadh sa Cobblestone Pub i lár na nóchadaí. Caith sé tamall ar choiste an Góilín le linn na tréimhse sin freisin. Bhíodh sé ag canadh go rialta i seisiún ceoil i nDroim Lis, seisiún atá curtha ar ceal anois de bharr Covid.

Caitlín Ní Chualáin (Conamara)
Is as Ceantar Chois Fharraige, Baile an Tígh Mhóir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe í Caitlín Ní Chualáin. Tá sí ag éisteacht agus ag gabháil fhoinn ar an sean-nós ó rugadh í, mar gur iníon í le Máirtín Pheaits Ó Cualáin, a raibh clú agus cáil air as a chumas amhránaíochta. Tá duaiseanna go leor buaite ag Caitlín, ina measc Corn na mBan, trí bhabhta ag Oireachtas an Gaeilge, 2005, 2008 agus 2014 agus d’éirigh léi Corn Uí Riada a thabhairt léi ag Oireachtas na Samhna 2016 i gCill Áirne. Ach 'sé an rud is gaire de chroí Chaitlín ná go mbíonn a clann fhéin ag amhránaíocht ar an sean-nós freisin agus go bhfuil an oidhreacht sin dá thabhairt don chéad ghlúin eile.

Claire Nic Ruairí (Doire)
Is amhránaí as Doire í Claire Nic Ruairí ach tá cónaí uirthi anois sa Bhruiséil, áit a bhfuil sí ag obair mar aistritheoir. Chaith sí cuid mhór ama fá Ghaeltacht Thír Chonaill agus í ag fás aníos agus níos moille bhí sí ina cónaí i nGaoth Dobhair ar feadh cúpla bliain, agus sin an áit ar fhoghlaim sí an chuid is mó de na hamhráin sean-nóis atá aici. Thosaigh sí ag glacadh páirt i gcomórtais ag Oireachtas na Samhna agus ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2008 agus tá roinnt duaiseanna bainte aici ó shin.
D’eisigh Claire a céad albam ag deireadh 2019 darb ainm ‘An Clár Bog Déil’, a bhain duais do ‘Albam traidisiúnta na bliana’ ag Gradaim Cheoil Nós 2020.

Siobhán Ní Mhuimhneacháin (Múscraí)
Is as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí í Siobhán Ní Mhuimhneacháin. D’fhás sí aníos ag freastal ar ranganna sean-nóis Mháire Ní Chéileachair faoi Scéim Aisling Gheal. Tá sí an-bhainteach leis na taibhealaíona dúchasacha ó bhí sí ina cailín óg agus is mó duais Oireachtais atá bainte amach aici sna hAgallaimh Bheirte, Lúibíní agus Amhráin Saothair thar na blianta. In 2018 dhein sí eagarthóireacht ar an leabhar An tAgallamh Muimhneach - saothar foilsithe ina bhfuil breis is 120 agallamh, lúibín, ceapóg agus amhrán saothair. Tá a céad úrscéal do léitheoirí óga díreach foilsithe aici anois, dar teideal An Gadaí Dubh.

Maebh Ní Dhuinnín (Múscraí)
Is as Béal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí í Maebh Ní Dhuinnín. D’fhorbair a grá d’amránaíocht ar an sean-nós de bharr Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal agus í faoi stiúir Eibhlís Uí Thuama agus Mháire Ní Chéilleachair. Tá sí ag gabháil de lúibíní agus amhráin saothair le roinnt blianta anuas, a bhuí le cabhair Sheáin Uí Mhuimhneacháin
agus a iníon, Siobhán. Bhuaigh Maebh agus Siobhán an dara háit i gcomórtas na n-Amhrán Saothair ag Oireachtas na Samhna 2018 agus an chéad áit sa chomórtas i 2019.
Tá Maebh ina tríú bliain sa chúrsa bunmhúinteoireachta i gColáiste Mhuire gan Smál agus ba mhian léi na traidisiúin shaibhre seo a spreagadh i measc daltaí bunscoile sa todhchaí.

An Góilín (Gradam Shean-Nós Cois Life)
Eolas faoin ngradam >>
Sean-Nós Cois Life: Aíonna 2021

Amhránaithe
Fearghas Mac Lochlainn (Baile Átha Cliath/Conamara) >>
Conor Ó Gallchóir (Tír Chonaill) >>   
Proinnsias Ó Cathasaigh (Ciarraí) >>   
Mícheál Mac Raghnaill (Liatroim) >>   
Caitlín Ní Chualáin (Conamara) >>   
Claire Nic Ruairí (Tír Chonaill) >>