Gradam Shean-Nós Cois Life Cuireann an ócáid nuair a bhronntar Gradam Shean-Nós Cois Life go mór leis an bhféile gach bliain. Tarlaíonn sin ar an Satharn ag 9pm (i gClub na Múinteoirí) agus bíonn seisiún iontach i gcónaí ann ina dhiaidh.
An Gradam féin
Is mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam seo, píosa dealbhadóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodna Cussen. Ar an mbonn cré-umha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.
Cliceáil ar na pictiúir den ghradam thall chun leagan lánmhéide a fheiceáil.
Gradam Shean-Nós Cois Life
Sean-Nós Cois Life ar siúl den chéad uair
1992
Micheál Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin
1993
Áine Bn. Uí Laoi
1994
Seán ’ac Dhonncha
1995
Treasa Ní Mhiolláin
1996
Éilís Ní Shúilleabháin
1997
Proinsias Ó Conluain
1998
Dara Bán Mac Donnchadha
1999
Páidí Mhárthain Mac Gearailt
2000
Amhránaithe ó Thoraí
2001
Mairéad Mhic Dhonncha
2002
Pádraigín Ní Uallacháin
2003
Máire Phíotair Uí Dhroighneáin
2004
Tess Uí Chonghaile
2005
Ríonach Uí Ógáin
2006
Eibhlín Uí Dhonnchadha & Seamus Mac Craith
2007
Máire Ní Cheocháin
2008
Micheál Ó Conghaile
2009
Maidhc Dainín Ó Sé
2010
Lillis Ó Laoire
2011
Mícheál Ó Cuaig
2012
Máire Ní Chéileachair
2013
Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha
2014
Liam Mac Con Iomaire
2015
Peadar Ó Ceannabháin
2016
Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha
2017
Séamus Mac Mathúna
2018
Sarah Ghriallais in ómós do Chlann Ghriallais ar fad
Clíodhna Cussen
Chuir sé brón orainn nuair a chualamar gur éag Clíodhna Cussen ar 02/08/2022. Ba í a rinne an dearadh dúinn don bhonn cré-umha in 1993 le haghaidh Gradam Shean-Nós Cois Life, an bonn álainn atá á bhronnadh againn gach bliain ó shin i leith.
Suaimhneas síoraí go raibh aici.
Le hard-mheas agus le buíochas ó Choiste Shean-Nós Cois Life.