Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Sean-Nós Cois Life: Aíonna 2025

Amhránaithe
Muireann Nic Amhlaoibh (Ciarraí)
Muireann Ní Cheannabháin (BÁC)
Adhna Ní Bhraonáin (Conamara)
Gearóid Ó Deoráin (Ard Mhacha)
Eibhlín Sonaí Choilm Learaí Ní Chonghaile (Conamara)
Ceoltóirí
Aoife Nic Dhiarmada (Fidil)
Cóilín Ó Conaing (Feadóg mhór)


Gradam Shean-Nós Cois Life
Bronnfar Gradam SNCL 2025 ar ar oíche Shathairn. Tuilleadh eolais>>
The SNCL award for 2025 will be presented on Saturday night.  More information>>

Eolas faoi na hAíonna











Muireann Nic Amhlaoibh
Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta as Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí í Muireann Nic Amhlaoibh. Tá cáil uirthi mar amhránaí sean-nóis agus canann sí amhráin ó réimse leathan seánraí eile chomh maith, le béim ar leith ar amhráin trí Ghaeilge. Tá mórán gradam bainte amach aici, ina measc Amhránaí na Bliana ag Gradam Ceoil TG4 2011 agus Amhránaí na Bliana ag na RTÉ Radio 1 Folk Awards i 2022.
Le linn a hóige in Iarthar Chiarraí tomadh Muireann i dtimpeallacht shaibhir chultúrtha agus i dtraidisiún maireachtála ríthábhachtach, a raibh tionchar an-mhór aige ar bhunús a fuaime sainiúil gutha agus uirlise. Tar éis di máistreacht a fháil ó Ollscoil Luimní i dtaibhsiú an cheoil traidisiúnta, do chaith sí breis agus trí bliana déag mar phríomh-amhránaí agus seinnteoir fliúite leis an ngrúpa mór le rá traidisiúnta Danú lenar shiúil sí an domhan. Ón am gur fhág sí an grúpa in 2015 ar aghaidh tá éileamh ar Mhuireann mar amhránaí lena banna féin agus bíonn sí go rialta ar chamchúirt timpeall na hÉireann agus na hEorpa.
Is láithreoir teilifíse agus raidió í Muireann do leithéidí RTÉ 1, TG4, RTÉ Radio 1, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Alba chomh maith, agus cuireann sí a clár féin “Folk on One” i láthair ar RTÉ Radio 1 gach oíche Shathairn. Bíonn sí ag comhoibriú le go leor ealaíontóirí as seánraí eile agus as traidisiúin amhránaíochta domhanda, agus spéis mhór aici ann.  In 2022 d’eisigh sí an t-albam d’amhráin sean-nóis  “Róisín ReImagined” -  comhoibriú le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann agus cumadóirí comhaimsirthe Éireannacha, saothar a fuair ard-mholadh.
Is de bharr feabhas a cuid amhránaíochta a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar Mhuireann i mbliana.
  Muireann Ní Cheannabháin
Is amhránaí agus ceoltóir í Muireann a tógadh i nDún Droma. Is as Iorras Aithneach a hathair Peadar, agus uaidh sin a tháinig na hamhráin i dtosach. Tá spéis ar leith aici sa litríocht agus sa mbéaloideas, agus scríobh sí tráchtas Máistreachta ar shuantraithe na Gaeilge.








  Eileen Ní Chonghaile
Is mise Eileen NíChonghaile as an gCorradh Bhuí i Leitir Mealláin i gContae na Gaillimh, nó Eileen Sonaí mar is fearr aithne orm, duine de theaghlach ceolmhar Sonaí Choilm Learaí.

Tá an-suim agam a bheith ag obair leis na nGaeilge, agus oibrím mar chlár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla.
Is aoibhinn liom freisin an ceol, agus bím ag amhránaíocht agus ag damhsa ar an sean-nós agus tá cuid mhaith taistil déanta agam de bharr mo chuid amhránaíochta agus damhsa.
Níor fhreastail mise ar aon ranganna sea-nós mar bhí an t-ádh orm go raibh an ceol, amhránaíocht agus damhsa ag mo mhuintir.
Bhuaigh mé comórtas na mBan ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne sa mbliain 2023.
  Aoife Nic Dhiarmada
Is ceoltóir ó Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath í Aoife Nic Dhiarmada.  D’fhreastail sí ar ranganna le CCÉ nuair a bhí sí óg, ag tosnú leis an bhfeadóg stáin. Lean sí ar aghaidh ag foghlaim an bhosca ceoil agus thóg sí suas an fhidil tar éis sin.  Is múinteoir bunscoile í Aoife.  Bíonn sí ag múineadh go seachtainiúil le Craobh Sheáin Uí Threasaigh CCÉ.  Thaisteal sí go dtí an Spáinn i mbliana ag seinm ceoil.  Bíonn sí le cloisteáil i seisiúin i mBaile Átha Cliath go minic.

Cóilín Ó Conaing
Is fliútadóir ó Mhullach Íde, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Cóilín Ó Conaing. 
D’fhoglaim sé a chuid ceoil le Craobh Mhullach Íde CCÉ.  Bíonn sé ag obair mar chaptaen le Aer Lingus.  Nuair a bhíonn sé ag taisteal, tógann sé an fliúit leis.  Buaileann sé isteach ar seisiúin ar fud an domhain. Ach is minic a bhíonn Cóilín ag seinm anseo i mBaile Átha Cliath freisin.

  Adhna Ní Bhraonáin
Rugadh agus tógadh Adhna Ní Bhraonáin ar an Teach mór, Indreabhán i gCo.na Gaillimhe. Bhí an Ghaeilge agus an sean-nós láidir sa cheantar i gcónaí, agus chuir sí suim san amhránaíocht ag aois an-óg. D’fhreastal sí ar ranganna sean-nóis le Máire Phetair nuair a bhí sí sa mbunscoil. Bhíodh a daideo, Máirtín Pheaits Ó Cualáin i gcónaí dhá spreagadh le cleachtadh agus go minic thugadh sé cúpla euro di le amhrán a rá dó.
Nuair a bhí sí sna déaga, ní raibh mórán suim aici sna hamhráin ar feadh cúpla bliain, go dtí an lá a cailleadh a daideo i 2013. Ón lá sin amach, shocraidh sí an sean-nós a choinneáil beo inti féin, in ainm a sean-athar. Tar éis an bpointe sin d’fhoghlaim sí an chuid is mó de na h-amhráin ó dhlúthdhiosca Mháirtín Pheaits,agus óna máthair Caitlín Ní Chualáin. Bhuaigh Adhna Comórtas na mBan ag Oireachtas na Samhna i 2018. An tseachtain dar gcionn, bhog sí go dtí an Nua-Shéalainn, agus níor fhill sí go dtí 2023. Chuir sí isteach ar Chorn Uí Riada i 2023 agus 2024.
Ó d’fhill Adhna ar an mbaile, thug sí faoi deara na dúshláin a bhain le lonnú sa nGaeltacht mar dhuine óg agus na deacrachtaí atá ag baint le cead pleanála a fháil, morgáiste a fháil agus fiú teach a fháil ar cíos fad-téarmach. Chuir na deacrachtaí seo ar fad imní ar Adhna faoi thoghchaí na Gaeltachta agus ar ndóigh todhchaí na teangan, nuair nach raibh a h-aois ghrúpa féin in ann
áit a fháil ina gceantar dúchais agus clann a bheith acu. Bheartaigh sí tabhairt faoi fheachtas a bhunú, darbh ainm ‘BÁNÚ’ le dhul i ngleic leis na fahdbanna seo. Tá sí féin agus an coiste ag obair go dian ar an bhfeachtas ó shin.
  Gearóid Ó Deoráin
Tógadh Gearóid ag bun Shliabh gCuillinn in Ard Mhacha theas. Bhí amhránaíocht traidisiúnta sa Bhéarla i gcónaí sa teach agus é ag fás aníos, agus spreag a mháthair é chun bheith ag ceol ó bhí sé ina ghasúr óg.  Tá traidisiún láidir amhránaíochta ina cheantar féin agus le linn a dhéaga d’imir amhránaithe an cheantair, macasamhail Micil Ned Quinn, Gerry O’Hanlon, Patricia Flynn, Len Graham, Pádraigín Ní Uallacháin agus Bríd agus Brian Nellie (atá gaolta leis) tionchar nár bheag air. 
Tá sé den tuairim gurb é Leabhair Phádraigín Uí Uallachain, ‘A Hidden Ulster’ a chuir tús le hathbheochan na hamhránaíochta ar a tSean-Nós in Ard Mhacha Theas agus gur seoid é an saothar sin anois dó agus d’fhoghlaimeoirí na n-amhrán, grúpa atá ag méadú i rith an ama.  
Chaith sé breis agus 10 samhradh ag obair sa Choláiste Gaeltachta i dTeileann agus chuir ceol Chití Seáin Uí Chuinneagáin, Sean Con Johnny Ó Beirne agus Pat Mac Giolla Easpaig go mór lena shuim sna hamhráin Ghaeilge.   
Tá sé iontach bródúil gurb as Oiriall ó dhúchais dó. Tugann an tsuim atá ag aois óig an cheantair sna hamhráin misneach ollmhór dó. 
Is múinteoir Gaelscoile é anois ar an tSrath Bán agus cónaí air ar an Droim Dóite, Caisleán na Finne, Contae Dhún na nGall. Is deartháir é leis an amhránaí Bláithín Mhic Cana.