Bunaíodh Sean-Nós Cois Life i 1992 agus is í príomh-aidhm na féile ná deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim agus a chasadh. Is chuige sin a chuirtear na ceardlanna agus na seisiúin ar siúl. Ba mhaith linn freisin ardán a thabhairt d’amhránaithe nach gcloistear ach go hannamh taobh amuigh dá ndúthaigh féin, ardán atá neamhspleách ar aon chineál comórtais.
Na ceardlanna:
Bíonn na daoine a fhreastalaíonn ar na ceardlanna an-sásta lena gcaighdeán de ghnáth agus bíonn ócáid an-taitneamhach ann nuair a thógann muid na ranganna ar fad le chéile chun éisteacht lena chéile.
Cé a bhíonn ann?
Freastalaíonn meascán deas daoine idir óg agus shean ar an bhféile, agus ba mhaith linn a cheapadh go n-éiríonn linn daoine ar bheagán Gaeilge a mhealladh chomh maith leo siúd a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Tagann cuid mhaith daoine nua ag an bhféile gach bliain chomh maith lenár gcairde dílse a bhíonn linn gach bliain. Is deas agus is suntasach an rud é go mbíonn cuid mhaith daoine óga mar aíonna againn freisin.
Cad a tharlaíonn ann?
Bíonn éagsúlacht mhaith ann maidir leis na haíonna a bhíonn i láthair, rud a chinntíonn meascán deas de cheol, d’amhránaíocht agus de dhamhsa, agus a léiríonn stíleanna éagsúla. Bíonn cuid de na haíonna amhránaíochta in ann uirlis cheoil a sheinm chomh maith agus bíonn píosaí beaga filíochta, scéalta, lúibíní agus agallaimh bheirte againn ó am go chéile freisin.