Gradam

Gradam Shean-Nós Cois Life

Mairéad Ní Cheallaigh

Rugadh agus tógadh Mairéad Ní Cheallaigh sa Máimín i gceantar na nOileán i gConamara, áit a raibh an ceol agus an traidisiún lárnach i saol an phobail. Tagann sí ó theaghlach fíorcheolmhar ar an dá thaobh: muintir  Seoighe ar thaobh a máthar, Peige an tSeoighigh  as an Sconsa, agus  muintir Uí Cheallaigh, ar thaobh a hathair, Pádraic Ó Ceallaigh  as an Máimín. Bhí na hamhráin fite fuaite ina saol ó bhí sí ina cailín óg. D’fhás sí aníos le meas agus tuiscint ar amhránaíocht ar an sean-nós agus don oidhreacht shaibhir a bhaineann leis.

Roghnaigh Mairéad an mhúinteoireacht mar ghairm bheatha agus chaith sí tréimhse ag múineadh i gCárna agus Scoil an Droma i Leitir Móir. Thug sí aghaidh ar Ghaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí sa bhliain 1990, áit ar chuir sí fúithi. Ó shin i leith, tá sí lárnach i saol oideachais agus cultúrtha an cheantair. Ceapadh í ina príomhoide ar Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, sa bhliain 2001, agus d’fhan sí sa ról sin go dtí 2023. Le linn na mblianta sin, chuir sí béim láidir ar an nGaeilge, ar an gceol, ar an damhsa, ar dhrámaíocht agus ar chultúr Gaeltachta na háite.

Ó tháinig sí go Ráth Chairn, tá Mairéad ag múineadh ranganna amhránaíochta ar an sean-nós. Tá slua mór amhránaithe oilte aici, idir óg agus aosta, agus tá sí thar a bheith bródúil astu ar fad. Cé go bhfuil sí éirithe as an bpríomhoideacht, leanann sí uirthi ag múineadh ranganna amhránaíochta ar an sean-nós do pháistí bunscoile, do dhaltaí meánscoile agus do dhaoine fásta. 

Tá Mairéad pósta le Éamon Ó Donnchadha agus tá ceathrar páistí acu. Caoileann, Deirdre, Éamon Óg agus Diarmaid agus iad ar fad tógtha leis an amhránaíocht agus leis an gceol, ag cinntiú go leanann an traidisiún ceolmhar ar aghaidh ó ghlúin go glúin. 

Gradam Shean-Nós Cois Life

Cuireann an ócáid nuair a bhronntar Gradam Shean-Nós Cois Life go mór leis an bhféile gach bliain. Tarlaíonn sin ar an Satharn ag 9pm (i gClub na Múinteoirí) agus bíonn seisiún iontach i gcónaí ann ina dhiaidh.

An Gradam féin
Is mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam seo, píosa dealbhadóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodna Cussen. Ar an mbonn cré-umha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.

Gradam Shean-Nós Cois Life

Sean-Nós Cois Life ar siúl den chéad uair 1992
Micheál Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin 1993
Áine Bn. Uí Laoi 1994
Seán ’ac Dhonncha 1995
Treasa Ní Mhiolláin 1996
Éilís Ní Shúilleabháin 1997
Proinsias Ó Conluain 1998
Dara Bán Mac Donnchadha 1999
Páidí Mhárthain Mac Gearailt 2000
Amhránaithe ó Thoraí 2001
Mairéad Mhic Dhonncha 2002
Pádraigín Ní Uallacháin 2003
Máire Phíotair Uí Dhroighneáin 2004
Tess Uí Chonghaile 2005
Ríonach Uí Ógáin 2006
Eibhlín Uí Dhonnchadha & Seamus Mac Craith 2007
Máire Ní Cheocháin 2008
Micheál Ó Conghaile 2009
Maidhc Dainín Ó Sé 2010
Lillis Ó Laoire 2011
Mícheál Ó Cuaig 2012
Máire Ní Chéileachair 2013
Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha 2014
Liam Mac Con Iomaire 2015
Peadar Ó Ceannabháin 2016
Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha 2017
Séamus Mac Mathúna 2018
Sarah Ghriallais in ómós do Chlann Ghriallais ar fad 2019
Seosamh O Críodáin 2020
An Góilín 2021
Éamon Ó Bróithe 2022
Ciarán Ó Gealbháin 2023
Bláithín Mhic Cana 2024
Muireann Nic Amhlaoibh 2025

Learn how we helped 100 top brands gain success