Clár na Féile

Dé hAoine

27/03/2026

8pm – Seisiún dátheangach amhránaíochta agus ceoil.

Sean-Nós Cois Life i gcomhair leis An Góilín.

Beidh seans agat cúpla amhrán a chasadh agus/nó cúpla tiúin a sheinm ag an seisiún seo.

Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell Thiar, Baile Átha Cliath, D01 T6V6. 

Dé Sathairn

28/03/2026

10.00 – 16.00 Ceardlann amhránaíochta le haíonna na féile.

Beidh an cheardlann amhránaíochta seo dírithe ar dhaoine fásta go príomha ach is féidir le daoine óga freastal uirthi ar an gcoinníoll go mbeidh siad in éineacht le duine fásta a bheidh freagrach astu an t-am ar fad.

Ins an gceardlann seo iarraimid ar gach aoí amhrán amháin a mhúineadh.

Cuirfidh gach aoí na focail den amhrán dúinn roimh ré agus scaipfear na focail ar gach duine ag an gceardlann.

Beidh thart ar 40 nóiméad ag gach aoí leis an amhrán atá acu a mhúineadh.

COSTAS: €20.00

CLÁRAIGH / REGISTER
Caithfidh tú clárú don ceardlanna seo. Cláraigh ar líne>>
You must register for the workshop.  Register online>>

 

CEARDLANNA FÍSEÁIN  / VIDEO WORKSHOPS   (link to new videos for 2026 – will be uploaded around time of festival)
Ní gá clárú do na ceardlanna físeáin.
You do not need to register for the video workshops.


Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell Thiar, Baile Átha Cliath, D01 T6V6. 

Dé Sathairn

28/03/2026

8pm – Seisiún amhránaíochta, ceoil agus craic.

Beidh seans agat cúpla amhrán a chasadh agus/nó cúpla tiúin a sheinm ag an seisiún seo. Bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life le linn an tseisiúin seo freisin.

Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell Thiar, Baile Átha Cliath, D01 T6V6. 

Dé Domhnaigh

29/03/2026

2pm – Scaradh na gCompánach

 

Beidh seans agat cúpla amhrán a chasadh agus/nó cúpla tiúin a sheinm agus/nó dreas damhsa a dhéanamh ag an seisiún seo.

Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell Thiar, Baile Átha Cliath, D01 T6V6. 

Beidh gach imeacht ag tarlú i gClub na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell Thiar, Baile Átha Cliath 1.

Is seisiúin nádúrtha, neamhfhoirmeálta a bhíonn againn.

An dtógfaidh mé uirlis cheoil liom?

Ar ndóigh tóg le do thoil. Bí cinnte í a bhreith leat!

Déanfar athnuachan de réir a chéile ar an eolas seo len é a thabhairt cothrom le dáta mar sin coinnigh súil orthu seo go rialta le do thoil (agus scaip an scéal!)

Ba mhaith linn a rá arís go bhfuil an-áthas orainn go mbeidh tú linn agus tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as an deireadh seachtaine.

Coiste Sean-Nós Cois Life: Mairéad Ní Oistín, Máire Ní Chróinín, Marie uí Chearbhaill, Antaine Ó Faracháin, Deirdre Nic Éanruig le cabhair iontach ag teacht freisin ó Dhiarmuid Ó hAinifín.

Learn how we helped 100 top brands gain success