Is an An Spidéal í Áine Ní Dhroighneáin. Thosaigh sí ag gabháil fhoinn ar an sean-nós ag aois óg, agus í ag freastal ar ranganna an Ghaelacadaimh.
D’fhoghlaim sí formhór a cuid amhráin ó Phat Phádraig Tom, Máire Pheitir Uí Dhroighneáin agus Peaitsí Ó Ceannabháin ag an am.
Is iomaí deiseanna amhránaíochta atá faighte ag Áine sa mbaile agus thar lear – ina measc i mBoston, Berlin, Talinn agus Tokyo.
Mar aitheantas ar a seasamh i saol an tsean-nóis, ainmníodh Áine mar amhránaí cónaitheach in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh 2004-2005.
Tá stáitse roinnte ag Áine le mórcheoltóirí móra na tíre, ina measc Máirtín O’Connor, Steve Cooney, The Keane sisters, Siobhán Armstrong agus ar ndóigh Johnny Óg Connolly.
Tá amhráin dá cuid le fáil ar dhlúthcheirníní éagsúla ar nós, Subharó, Acadamh na hOllscoile and Cuimhní Nollag i nGar is i gCéin i gcóir GOAL agus tá se I gceist aici a dlúthdhiosca féin a thaifead lá brae éigin! Tá sí le cloisteáil ag rá Amhrán Mhuighnise sa scannán Cré na Cille.
Bhuaigh Áine Ní Dhroighnéain an comórtas faoi 15 i 1988 agus arís i 1999. agus Corn Mháire Áine Nic Dhonnachadha ag Oireachtas na Samhna 2014 ach is fearr leí ceol ag seisiún áit nach bhfuil an brú céanna !
Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta í Aoife Nic Dhiarmada arb as teaghlach ceolmhar i mBaile Átha Cliath í. Ba amhránaithe agus ceoltóirí as Áth Eascrach, Contae na Gaillimhe iad a máthair agus a seanathair.
D’fhoghlaim Aoife a cuid ceoil ón teaghlach agus ó mhúinteoirí éagsula i gComhaltas Ceoltóirí Éireann, agus d’fhoghlaim sí a cuid Gaeilge le linn an tsamhraidh sa Ghaeltacht nuair a bhí sí óg agus ina scoil lán-Ghaelach i mBaile Átha Cliath.
Bíonn Aoife go minic mar aoí ag féilte ceoil traidisiúnta agus ag ciorcail amhránaíochta in Éirinn agus san Astráil. Nuair a bhí Aoife ina cónaí san Astráil le déanaí, bhunaigh sí an chéad chiorcal amhránaíochta i Melbourne, agus ba í an chéad mhúinteoir amhránaíochta traidisiúnta i gCCÉ Melbourne í chomh maith.
Caitheann Aoife formhór a saoil mar ghníomhaí ar son chearta an duine agus is breá léi amhráin a chasadh a bhfuil teachtaireachtaí agus téamaí mar sin ag baint leo.